Is tír i Meiriceá Thuaidh é Ceanada. Síneann a dheich gcúige agus a trí chríoch ón Aigéan Atlantach go dtí an tAigéan Ciúin agus ó thuaidh isteach san Aigéan Artach, rud a fhágann gurb í an dara tír is mó ar domhan de réir achair iomlán, leis an gcósta is faide ar domhan. Is é Ottawa príomhchathair Cheanada agus is iad Toronto, Montréal agus Vancou…
Is tír i Meiriceá Thuaidh é Ceanada. Síneann a dheich gcúige agus a trí chríoch ón Aigéan Atlantach go dtí an tAigéan Ciúin agus ó thuaidh isteach san Aigéan Artach, rud a fhágann gurb í an dara tír is mó ar domhan de réir achair iomlán, leis an gcósta is faide ar domhan. Is é Ottawa príomhchathair Cheanada agus is iad Toronto, Montréal agus Vancouver na trí limistéar cathrach is mó. Is ríocht dhaonlathach é Ceanada, a bunaíodh sa bhliain 1867 mar chónaidhm in Impireacht na Breataine. Tá thart ar 35 milliún duine ina gcónaí i gCeanada. Is iad Béarla agus Fraincis na teangacha oifigiúla.